Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
D'fhéadfadh an próiseas iarratais a bheith éagsúil ag brath ar an údarás áitiúil agus beidh sonraí faoin gcaoi a ndéanann tú iarratas ar fáil ar a suíomh gréasáin. Is ar ardán ar líne a dhéanfar an t-iarratas, i bhformhór na gcásanna. Cuirfidh an t-údarás áitiúil an próiseas ar an eolas ina fhógra d'fhorbairt mar aon le dátaí oscailte agus deiridh le haghaidh na n-iarratas.
Mar chuid de d'iarratas, beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar:
- D'Ainm, do dháta breithe agus d'Uimhir PSP.
- Deimhniú gur Ceannaitheoir céaduaire thú (é sin nó iarratasóir le Fresh Start).
- Cruthúnas ar Ioncam.
- Cruthúnas ar an gceart chun cónaí sa Stát.
- Fianaise ar choigilteas/éarlais.
- Litir i ndail le Faomhadh Morgáiste i bPrionsabal ina luaitear an t-uasmhorgáiste atá ar fáil duit - féadfar sé seo a bheith ag teastáil mar chuid den phróiseas.
- Deimhniú maidir le hincháilitheacht le haghaidh Cúnamh le Ceannach, más infheidhme.
Nóta: Nuair a bhaineann tú leas as an Scéim um Cúnamh le Ceannach ní féidir le do mhorgáiste a bheith os cionn 70% de chóimheas iasachta-go-luach. Tá sé seo bunaithe ar luach margaidh oscailte na maoine sula nglacann an t-údarás áitiúil sciar cothromais sa réadmhaoin.
Déanfaidh an t-údarás áitiúil an cinneadh ar d'iarratas de réir na rialachán atá i bhfeidhm, agus a Scéim Tosaíochta. Beidh an Scéim Tosaíochta do gach forbairt ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil. Déanfar maoin a thairiscint d'iarratasóirí incháilithe rathúla bunaithe ar dháta agus am an iarratais, agus ar oiriúnacht na maoine do riachtanais an teaghlaigh. Féadfar measúnú um nasc áitiúil a bheith ann freisin.